Written answers
Thursday, 1 November 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Na hOileáin Mhara
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 49: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le haerstráice d'Oileán Thoraí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26511/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Faoi mar is eol don Teachta, tá obair réamh-phleanála chun aerstráice a thógáil ar Oileán Thoraí ar siúl le cúpla bliain anuas.
Is é an staid reatha ná go bhfuil iarrtha ag mo Roinn ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall Orduithe Ceannacháin Éigeantaigh a chur i bhfeidhm ar an talamh a theastaíonn don togra. Tuigim go bhfuil socruithe dá réir idir lámha ag oifigigh na Comhairle Contae faoi láthair agus go bhfuil siad i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta maidir le gnéithe den phróiseas a chur i gcrích.
No comments