Written answers

Thursday, 1 November 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Aistritheoirí Gaeilge Cáilithe

5:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 12: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén plean atá aige chun go leor aistritheoirí Gaeilge cáilithe a chur ar fáil go práinneach chun freastal ar éileamh an Choimisiúin Eorpaigh [26529/07]

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 27: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar cuireadh scrúdú cáilíochta d'aistritheoirí Gaeilge ar ceal i Mí Mheán Fómhair de bharr easpa airgid ar Fhoras na Gaeilge [26530/07]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 42: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le haistritheoirí Gaeilge nua a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26528/07]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 51: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é líon na n-aistritheoirí creidiúnaithe atá sa tír [26527/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 12, 27, 42 agus 51 le chéile.

Mar atá tugtha le fios agam sa Teach seo cheana, tá Foras na Gaeilge ar iarratas uaimse tar éis córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge a fhorbairt. Is é seo an chéad chóras dá leithéid d'aistritheoirí Gaeilge na tíre seo. Reachtáladh dhá scrúdú i 2006 agus, de thoradh na scrúdaithe sin, tá an caighdeán cuí bainte amach anois ag 76 aistritheoir. Reachtáladh scrúdú eile níos túisce i mbliana agus tuigim ó Fhoras na Gaeilge go mbeidh torthaí an scrúdaithe sin ar fáil go han-luath. Tuigim chomh maith go bhféadfadh suas le 97 aistritheoir san iomlán a bheith cáilithe ach na torthaí sin a bheith foilsithe. Tá i gceist scrúdú eile chur ar bun i mí Feabhra 2008 agus ag tráthanna rialta as sin ar aghaidh. Tá sonraí iomlána an phainéil aistritheoirí foilsithe ar shuíomh idirlín an Fhorais, www.forasnagaeilge.ie. Ta tugtha le fios dom nár cuireadh scrúdú cáilíochta d'aistritheoirí Gaeilge ar ceal i mí Mheán Fómhair.

Is cinnte gur cúnamh praiticiúil fíor-thábhachtach atá sa phainéal seo do chomhlachtaí poiblí a úsáideann seirbhísí ó aistritheoirí príobháideacha, go háirithe i ndáil lena ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Is cúnamh tábhachtach é chomh maith ó thaobh aistritheoirí a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais an Aontais Eorpaigh ó thaobh na Gaeilge de. Ó thaobh an Aontais Eorpaigh de, reachtáladh dhá sheiminéir i bhForas na Gaeilge go dáta, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, chun aistritheoirí Gaeilge a chur ar an eolas faoi folúntais d'aistritheoirí Gaeilge sa Choimisiún.

Is fiú dom a lua freisin go dtuigim ó Fhoras na Gaeilge go mbíonn ceardlanna d'aistritheoirí á reáchtáil go rialta acu chun cabhrú le hiarrthóirí an caighdeán cuí a bhaint amach agus go bhfuil ag éirí go breá leis na ceardlanna sin. Sa bhreis ar sin, i mí Mheán Fómhair na bliana seo, cuireadh tús le cúrsa ar-líne d'aistritheoirí, atá á chur ar fáil ag Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Tá an cúrsa seo, a leanann dhá bhliain, dírithe ní amháin ar dhaoine atá ag feidhmiú mar aistritheoirí cheana féin ach freisin ar dhaoine a bhfuil i gceist acu dul ag obair mar aistritheoirí amach anseo. Rinneadh an cúrsa seo a fhorbairt le cabhair ó Fhoras na Gaeilge.

Mar fhocal scoir, ní miste dom a lua go bhfuil ciste ar leith curtha ar bun agam chun maoiniú a chur ar fáil do shainchúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge. Mar atá mínithe agam don Teach cheana, tá an togra seo dírithe ar líon na gcéimithe le scileanna sonracha Gaeilge i réimsí ar leith a mhéadú, go mór-mhór i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.