Written answers

Wednesday, 31 October 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Gréasán Bóithre

9:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 364: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ,mar gheall ar an droch-chaoi atá ar an mbóthar réigiúnach ó Chroithlí go hAerfort Dhún na nGall, an féidir breis airgid a chur ar fáil le haghaidh plean eile chun an bóthar seo a fheabhsú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26622/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an príomh fhreagracht maidir leis an mbóthar seo ar Chomhairle Contae Dhún na nGall. Cheadaigh mo Roinn deontas de €200,000, áfach, níos luaithe i mbliana chun 500m den bhóthar seo, a áirítear mar bhóthar straitéiseach Gaeltachta, a fheabhsú. Ciallaíonn sé seo go bhfuil os cionn €2 mhilliún ceadaithe ag mo Roinnse i gcomhar an bhóthair seo le trí bliana anuas.

Tuigim gur bóthar tábhachtach é seo do cheantar Gaeltachta Iarthuaisceart Dhún na nGall go ginearálta agus d'Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall ach go háirithe agus mar is léir, tá tosaíocht ard dá réir tugtha ag mo Roinn dá fheabhsú. Déanfar aon iarratas breise ar chúnamh ina leith a mheas i gcomhthéacs riachtanais na hoibre, éileamh eile ar láimh agus an tsoláthair airgid atá ar fáil do mo Roinn chun caitheamh ar oibreacha den chineál seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.