Written answers

Wednesday, 24 October 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Áiseanna Oileáin

8:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 217: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an dtuigeann sé an geárghá atá ann an balla cosanta i mBaile Thiar Oileán Thoraí a chríochnú chomh luath agus is féidir mar tá tithe i gcontúirt faoi láthair; an bhfuil deontas ceadaithe ina leith; cad é méid an deontais sin; an bhfuil cómhaoiniú ceadaithe ag Comhairle Chontae Dhún na nGall agus cén uair a bhfuil súil aige go gcuirfear tús leis an obair. [25515/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta ó mo fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 227 ar 4 Aibreán 2007, bhí curtha in iúl ag Comhairle Chontae Dhún na nGall nach dtabharfaí tosaíocht don obair áirithe ós rud é nach raibh cosaint maoine nó áiseanna poiblí i gceist. Dá réir sin, ní raibh an togra curtha san áireamh nuair a bhí cláir oileánda Dhún na nGall á gcur le chéile do 2007, cláir ar cheadaigh mo Roinn €352,495 ina leith.

Níl iarratas oifigiúil faighte ag mo Roinn san idirlinn i ndáil le maoiniú an togra seo.

Ach iarratas oifigiúil a fháil, déanfar é a bhreithniú i gcomhthéacs líon na n-iarratas atá ar láimh agus an mhaoinithe atá ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.