Written answers
Tuesday, 16 October 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Leibhéal Dífhostaíochta
10:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 382: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag comhlacht (sonraí tugtha) maidir le fostaíocht a chruthú i gCill Chártha, Contae Dhún na nGall; cén líon post atá i gceist; cén tráth ama atá i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23861/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an comhlacht atá i gceist ag an Teachta le tús a chur lena chuid gníomhaíochtaí i gCill Chartha ag tús 2008 le 40 post, a bheidh lonnaithe i spás oifige sealadach atá cóirithe ag an Údarás dó. Tuigim chomh maith go bhfuil réamhchéimeanna tógtha ag an Údarás maidir le foirgneamh tionsclaíoch iomlán a chóiriú don gnó seo agus go bhfuiltear ar tí dul i mbun na hoibre athchóirithe sin anois. Tógfaidh an obair sin bliain nó mar sin le cur i gcríoch. Tá measta ag an Údarás go gcruthófar suas le 110 post sa chomhlacht nuair a bheidh sé faoi lán-seol.
No comments