Written answers
Thursday, 27 September 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Úsáid na Gaeilge
5:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 27: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na moltaí atá aige i leith theorainn na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20992/07]
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 37: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a fhoilseodh sé an staidéar agus na moltaí faoi theorainn na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20994/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
I propose to take Questions Nos. 27 and 37 together.
Tá an Staidéar Teangeolaíoch a rinneadh ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht críochnaithe anois agus cuireadh Tuarascáil faoi mo bhráid níos túisce i mbliana. Faoi lathair, tá mo Roinnse ag déanamh anailíse ar na torthaí ón staidéar agus ar na moltaí atá déanta sa Tuarascáil, ina measc moltaí maidir le teorainn na Gaeltachta. Chomh luath agus a bheidh an scagadh sin déanta, tá i gceist agam an Tuarascáil a chur faoi bhráid an Rialtais. Glacaim leis go mbeidh sí le foilsiú i dtráth cuí agus beidh mé sásta cóipeanna a chur ar fáil i Leabharlann an Oireachtais ag an am sin.
No comments