Written answers

Thursday, 27 September 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 25: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó post atá cruthaithe sa Ghaeltacht i mbliana le cabhair Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20993/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach mbeidh figiúirí maidir leis an líon post atá cruthaithe acu i 2007 ar fáil go dtí go bhfoilseofar torthaí shuirbhé fostaíochta na heagraíochta ag tús 2008.

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta, áfach, go raibh 2006 ar an bhliain ab' fhearr ó 1998 agus gur tháinig glanmhéadú de 295 ar an líon daoine i bhfostaíocht lánaimseartha sa Ghaeltacht. Ag deireadh 2006, bhí 7,953 duine fostaithe go lánaimseartha agus 4,380 duine fostaithe go páirtaimseartha/séasúrtha i gcomhlachtaí a fuair cúnamh ón Údarás.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.