Written answers

Thursday, 27 September 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Íocaíochtaí Deontas

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 23: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé cuntas ar na deontais atá ceadaithe ag a Roinn do gach oileán ar chósta Dhún na nGall ó thosach na bliana 2007. [20919/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá mo Roinn freagrach as réimse leathan scéimeanna agus deontas. Seo a leanas liosta na ndeontas a ceadaíodh ó thús 2007 go data i gcóir na n-oileán ar chósta Dhún na nGall:

Ainm an OileáinScéim/ ClárSonraíMéid ceadaithe
ToraighScéim Labhairt na Gaeilge14 iarratasóir3,640
ToraighClár Oileánda 2007Bóithre100,000
ToraighMiontograí OileándaDeontais bheaga ilghnéitheacha6,626
ToraighAchtanna na dTithe6 iarrasatóir42,000
152,266
Árainn MórScéim Labhairt na Gaeilge47 iarratasóir7,670
Árainn MórScéim na bhFoghaimeoirí Gaeilge21 iarratasóir106,239
Árainn MórClár Oileánda 2007Bóithre160,995
Árainn MórMiontograí OileándaDeontais bheaga ilghnéitheacha3,013
Árainn MórAchtanna na dTithe15 iarratasóir89,210
367,127

Chomh maith leis sin, cheadaigh mo Roinn deontas de €4,160 d'Ancaire, Comharchumann na nOileán Beag i nDún na nGall, le haghaidh bróisiúir maidir leis na hoileáin sin a chur i gcló.

Anuas air sin, tá deontas bliantúil de €95,000 ceadaithe ag mo Roinn do Chomhdháil Oileáin na hÉireann chun a chur ar chumas na heagraíochta feidhmiú mar ghrúpa ionadaíoch ar son na n-oileán uilig, na cinn i nDún na nGall san áireamh. Ceadaíodh deontais eile don Chomhdháil freisin mar a leanas:

ScéimMéidSonraí
An Scéim Shóisialta Tuaithe12,835Riarachán
An Scéim Shóisialta Tuaithe3,000Fógraíocht ar an Scéim
An Scéim Shóisialta Tuaithe10,000Caiteachas caipitil ar ábhar agus ar threalamh
Clár LEADER458,915Riarachán

Maidir le seirbhísí iompair chuig na hoileáin, tá conarthaí de luach €155,509 agus €169,584 in aghaidh na bliana tugtha amach ag mo Roinn i leith sheirbhísí farantóireachta Thoraigh agus Árann Mhór, faoi seach. Chomh maith leis sin, íoctar thart ar €70,000 in aghaidh na bliana i leith sheirbhís ingearáin doThoraigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.