Written answers

Thursday, 27 September 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Irish Language

5:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 11: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an bhfoclóir leictreonach Béarla-Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20991/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge gur fhógair siad an comórtas tairisceana do Chéim 2a den tionscadal seo i mí Lúnasa, is í sin céim na gcreatlacha oibre Béarla. Is é atá sa chéim seo ná bunachar sonraí a chur le chéile de na hiontrálacha a bheidh san fhoclóir ó thaobh an Bhéarla de. Tá na tairiscintí a bhaineann leis an gcomórtas le bheith ag Foras na Gaeilge go luath. Tá an Foras ag súil leis go mbeidh siad in ann conradh a shíniú i leith na céime seo den obair faoi dheireadh na bliana.

Tá i gceist chomh maith an comórtas tairisceana do Chéim 2b, céim an aistriúcháin ar an mbunachar Béarla, a fhógairt go luath tar éis tús a bheith curtha le Céim 2a.

Beidh soláthar ar leith á dhéanamh don leagan leictreonach den fhoclóir an fhad is atá an obair ar na céimeanna éagsúla den tionscadal ag dul ar aghaidh.

Tuigtear dom freisin gur ceapadh Bainisteoir Tionscadail i mí Feabhra seo caite, atá ag obair ó shin chun an próiseas a chur chun cinn, agus go bhfuiltear ag súil le hEagarthóir Foclóireachta a bheith ceaptha go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.