Written answers
Tuesday, 24 April 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Clár na dToghthóirí
11:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 72: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar chóir go mbeadh sráidaimneacha agus logaimneacha eile dátheangach ar a laghad i gClár na dToghthóirí agus an raibh aon teagmháil idir é féin, oifigigh a Roinne agus an tAire Comhshaoil nó oifigigh ón Roinn úd maidir leis an cheist seo. [14963/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cé go mbíonn teagmháil rialta agam le mo chomhghleacaithe Rialtais, tuigfidh an Teachta nach bhfuil aon fhreagracht ormsa mar Aire i ndáil le Clár na dToghthóirí. Is gnó é seo a bhaineann leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
No comments