Written answers
Tuesday, 24 April 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Teanga Ghaeilge
11:00 pm
Jack Wall (Kildare South, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 61: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na cainteanna a bhí aige leis an gCoimisinéir Teanga mar gheall ar a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2006. [15017/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, tá an Coimisinéir Teanga neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna agus ní bheadh sé cóir go mbeadh plé idir an Aire agus an Coimisinéir maidir le hábhar a bheadh beartaithe ag an gCoimisinéir le haghaidh a Thuarascáil Bhliantúil. Tá dualgas reachtúil ar an gCoimisinéir, de réir alt 30 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a Thuarascáil Bhliantúil a ullmhú agus a thabhairt don Aire, agus tá dualgas ar an Aire an tuarascáil sin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
Ar bhonn níos leithne, tig liom a dhearbhú go mbíonn teagmháil rialta idir mo Roinnse agus Oifig an Choimisinéara maidir le réimse leathan ábhar a bhaineann le feidhmiú an Achta.
No comments