Written answers

Thursday, 5 April 2007

Department of Education and Science

Oideachas trí Ghaeilge

5:00 pm

Photo of Paul KehoePaul Kehoe (Wexford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 446: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén méid dalta atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí faoi láthair; freisin, cén fáth nach bhfuil gach téacsleabhar ar fáil as Gaeilge do na daltaí sin agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh; agus an bhfuil plean aici athruithe a dhéanamh ar na téacsleabhair atá ann cheana féin chun iad a bheith níos simplí agus níos éasca a thuiscint ag na daltaí. [13704/07]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá tuairim is 39,883 mac léinn i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal atá ag fáil oideachais trí Ghaeilge ar fad.

Tá feabhsaithe suntasacha dá ndéanamh i dtaca le soláthar téacsleabhar agus áiseanna múinteoireachta oiriúnacha ar ardchaighdeán le n-úsáid go sonrach i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht, go háirithe ó bunaíodh Scéim na nDearthóirí i 2001 agus ó cuireadh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar bun i 2002.

Tá mo Roinn tar éis tuairim is €1 milliún a infheistiú sa bhliain, faoi Scéim na nDearthóirí, i sraith nua ábhar do bhunscoileanna ar a dtugtar Séideán Sí, agus tá ábhair do naíonáin suas go daltaí rang a dó ar fáil cheana féin, agus ábhair do dhaltaí rang a trí le teacht amach i Meán Fómhair 2007. Leanfaidh an infheistiú seo ar aghaidh go dtí go mbeidh sraith iomlán acmhainní don timthriall ocht mbliana bunscoile ar fáil.

I 2007, leithdháiligh mo Roinn €945,000 ar An Chomhairle, €400,000 de ainmnithe go sonrach do sholáthar téacsleabhar agus acmhainní eile chun tacú le múineadh agus foghlaim. Tamall ina dhiaidh sin, d'fhógair mé go leithdháilfí €1 milliún eile ar An Chomhairle thar na trí bliana romhainn. Ceann de na feidhmeanna is práinní a bhainfear as na hacmhainní comhaontaithe seo ná comhordú agus coimisiúnú a dhéanamh ar eagráin Ghaeilge de théacsanna Ardteistiméireachta atá ann cheana féin agus áiseanna nua teagaisc agus foghlama a dhearadh le haghaidh raon iomlán na n-ábhar Ardteistiméireachta.

Oibríonn An Chomhairle go dlúth leis na háisíneachtaí bainteacha go léir chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh acmhainní agus ábhar i nGaeilge. Tá eolaí leathan acmhainne foilsithe aici ar a suíomh gréasáin (www.cogg.ie) ar acmhainní atá ar fáil anois chun tacú le múineadh na Gaeilge sa churaclam, agus múineadh ábhar eile trí Ghaeilge, i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna araon.

Is léir dom go bhfuil na bearta seo tar éis feabhas suntasach a chur ar an soláthar téacsleabhar agus acmhainní Gaeilge do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.