Written answers
Wednesday, 4 April 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Calafoirt agus Céanna
11:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 227: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gcuirfear deontas ar fáil chun an balla cosanta ag an Bhaile Thiar, Oileán Thoraigh a chríochnú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13226/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta go bhfuil caiteachas substaintiúil déanta cheana féin chun na hoibreacha is práinní a bhain le cosaint an Bhaile Thiar, Oileán Thoraigh, a chur i gcrích. Cheadaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, mar a bhí, suim €931,988 chun na críche sin sa mbliain 2000 agus i 2005 cheadaigh mo Roinnse €32,500 breise. Anuas air sin, cheadaigh Comhairle Chontae Dhún na nGall €222,960 don tionscnamh seo.
De réir meastacháin a fuarthas ó Chomhairle Chonate Dhún na nGall, tuigtear dom go dteastódh €255,000 breise chun obair ar an mballa a chur i gcrích ina iomláine, ar a n-áiritear an balla a ardú agus síneadh 30m a chur leis.
Tá an togra seo pléite idir oifigigh de chuid mo Roinne agus na Comhairle Contae le gairid agus tuigtear dom go bhfuil aontú ginearálta ann nach féidir an obair atá le déanamh a áireamh mar obair fhíor-riachtanach mar nach bhfuil cosaint áitreabh nó áiseanna poiblí eile i gceist. Sna cúinsí sin, tuigfidh an Teachta nach dtuillfeadh an tionscnamh seo tosaíocht ard i gcomparáid le hoibreacha práinneacha agus riachtanacha eile atá le maoiniú trí Vóta mo Roinne.
No comments