Written answers

Tuesday, 3 April 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Forbairt na n-Oileán

10:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 503: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an seasamh agus an t-aitheantas a thugtar do Chomhdháil Oileáin na hÉireann agus dá bpleananna agus dá moltaí nuair a bhíonn an Roinn ag déanamh cinnidh maidir le maoiniú suimeanna forbartha ar na hoileáin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12458/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Íocann mo Roinn deontas reachtála de €90,000 in aghaidh na bliana le Comhdháil Oileáin na hÉireann chun cuidiú leis an eagraíocht feidhmiú go héifeachtach mar chónaidhm i leith na n-oileán éagsúil atá faoina scáth. Bíonn cumarsáid rialta idir mo Roinnse agus an Chomhdháil maidir le polasaithe agus gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun leas na n-oileán i gcoitinne a threisiú. Ina theannta sin, treisítear an chomhoibriú seo tríd an ionadaíocht atá ag mo Roinn ar Bhord na Comhdhála.

Is iondúil gur trí oileáin ar leith, seachas tríd an Chomhdháil, a thagann iarratais i gcomhair forbairtí sonracha ar nós bóithre, céanna agus feabhsúcháin ghaolmhara eile. Sna cásanna sin, oibríonn mo Roinn go dlúth leis na comharchumainn nó coistí áitiúla cuí agus leis na húdaráis áitiúla chun forbairtí den chineál seo a chur i gcrích, feadh a cumais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.