Written answers
Tuesday, 20 March 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Íocaíochtaí Deontas
11:00 pm
Paul Kehoe (Wexford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 672: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil deontais á gcur ar fáil do phobail lasmuigh den Ghaeltacht chun áiseanna caithimh aimsire i nGaeilge agus clubanna Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga, go háirithe i bhfianaise an oiread sin Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí atá ar fud na tíre. [9962/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, is é Foras na Gaeilge atá freagrach go príomha as an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann. Tuigim ón bhForas go gcuirtear réimse leathan tacaíochtaí ar fail ar mhaithe le caithimh aimsire i nGaeilge agus clubanna Gaeilge do dhaoine óga. Ina measc, áirítear —
an Scéim nua Óige atá fógraithe ag an bhForas le déanaí chun tacaíocht a thabhairt d'imeachtaí lasmuigh d'am scoile;
Scéim na gCampaí Samhraidh;
bunmhaoiniú do Chumann na bhFiann, a eagraíonn clubanna óige;
20 scéim pobail ar fud an oileáin a eagraíonn imeachtaí do gach aoisghrúpa, daoine óga san áireamh;
bunmhaoiniú do Chomhluadar, a eagraíonn imeachtaí agus a thugann tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge;
maoiniú do 4 chlub óige;
scéimeanna scoláireachtaí do Ghael Linn agus do Chomhaltas Uladh;
bunmhaoiniú do Ghael Linn, a eagraíonn réimse leathan imeachtaí do dhaoine óga; agus
bunmhaoiniú do Ghaelscoileanna, a eagraíonn imeachtaí idirscoile mar chuid dá ngníomaíochtaí.
No comments