Written answers
Tuesday, 6 March 2007
Department of Communications, Energy and Natural Resources
Bainistíocht Chomhshaoil
11:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 329: To ask the Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha an eiseoidh sé nó an eiseoidh a chomhghleacaithe na ceadúnais atá riachtanach chun go dtógfaidh siad mar chúram orthu féin an dá thrá ar an Spidéal, Trá na mBan agus Trá na Céibhe Nua, a ghlanadh. [8286/07]
John Browne (Wexford, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cuimsíonn an Cladach an limistéar ó mharc lánmhara amach go dtí 12 muirmhíle. I gcoitinne, tá cead Aire na Mara riachtanach le haghaidh aon ghníomhaíochta ar an gcladach. Tá sé de chumhacht, ámh, ag Údaráis Áitiúla, faoi fhorálacha reachtaíochta éagsúla, bruscar a smachtú ina limistéir fheidhmiúla. San áireamh tá an chumhacht chun fodhlíthe a rith maidir le bruscar. Sa chomhthéacs seo, de réir shainmhíniú mhír 37 (7) den Acht um Rialtas Áitiúil 1994, cuimsíonn limistéar fheidhmiúil Údaráis Áitiúil an cladach agus uiscí an chósta teorantach le limistéar feidhmiúil Údaráis Áitiúil.
Dá réir sin, ba chóir fiosruithe maidir le bruscar a thógáil ó thrá nó ó thránna a dhíriú chuig an Údarás Áitiúil ar an gcéad dul síos.
No comments