Written answers
Wednesday, 28 February 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Aistritheoirí Béarla-Gaeilge
10:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 144: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na nithe a bhaineann le cumhachtaí agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta atá le soiléiriú agus le tabhairt suas chun dáta i mBille Údarás na Gaeltachta atá geallta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7708/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Chuir mo Roinn tús le hathbhreithniú cuimsitheach ar chumhachtaí agus fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta ionas go bhféadfaí moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais chun an reachtaíocht faoina bhfeidhmíonn an tÚdarás faoi láthair a leasú mar is cuí.
Mar chuid den phróiseas sin, thug mé cuireadh don phobal aighneachtaí a chur faoi bhráid mo Roinne agus fuarthas 67 aighneacht dá réir. Tá na haighneachtaí sin foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne mar aon leis an anailís neamhspleách a rinneadh orthu.
Agus dréachtscéim ghinearálta de Bhille á cur le chéile laistigh de mo Roinnse, cuireadh san áireamh na haighneachtaí ón bpobal mar aon le polasaithe agus tuarascálacha cuí eile, e.g., tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002, Beartas Forbartha an Údaráis 2005-2009, an Grúpa Oibre um Chruthú Fostaíochta sa Ghaeltacht (2002), Ahead of the Curve (Enterprise Strategy Group 2003), An Straitéis Spásúil Náisiúnta (2002), etc.
Is é an staid reatha ná go bhfuil an Bille um Údarás na Gaeltachta ar liosta C de chlár reachtaíochta an Rialtais. Tá mé dóchasach go bhfoilseofar an Bille roimh dheireadh na bliana.
No comments