Written answers
Wednesday, 28 February 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Cumhachtaí Údarás na Gaeltachta
10:00 pm
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 136: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén obair atá idir lámha aige chun a chinntiú go mbeidh go leor aistritheoirí Béarla Gaeilge agus go leor ateangairí Béarla Gaeilge a mbeidh caighdeán maith a ndóthain acu ar fáil chun an t-éileamh atá ann anois in Éirinn agus san Eoraip a shásamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7711/07]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
I dtús báire ba mhaith liom a chur i gcuimhne don Teachta go bhfuil Foras na Gaeilge, ar iarratas uaim, tar éis córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge a fhorbairt. Is é seo an chéad chóras dá leithéid a bheidh ar fáil d'aistritheoirí Gaeilge na tíre seo. Reáchtáladh dhá scrúdú i 2006 agus de thoradh na scrúdaithe sin tá áthas orm a rá gur éirigh le 75 aistritheoir an caighdeán chuí a bhaint go dáta. Tá sonraí iomlán an phainéil sin foilsithe ar shuíomh idirlín an Fhorais. Tuigim go bhfuil i gceist dhá scrúdú eile a eagrú i mbliana agus gach bliain eile as seo amach. Sa chaoi sin cuirfear le líon na n-aistritheoirí cáilithe. Is cinnte gur cúnamh praiticiúil fíor-thábhachtach a bheidh sa phainéal seo do chomhlachtaí poiblí a úsáideann seirbhísí ó aistritheoirí príobháideacha, go háirithe i ndáil lena ndualgais faoin Acht a chomhlíonadh.
Sa bhreis ar sin, ní miste dom a lua gur chuir mé ciste ar leith de €1m ar bun i 2006 chun tacú le soláthar sainchúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge. Tá an scéim nua, atá á riaradh i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an tÚdarás um Ard-Oideachas, dírithe ar líon na gcéimithe le scileanna sonracha Gaeilge i réimsí ar leith a mhéadú, i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach.
No comments