Written answers

Wednesday, 28 February 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Straitéis na Gaeilge

10:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 103: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil tús curtha go fóill le forbairt na straitéise atá geallta i leith na Gaeilge, cathain a mheasann sé a bheidh an obair sin críochnaithe, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7710/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta d'fhoilsigh an Rialtas ráiteas pholasaí i leith na Gaeilge — "Rialtas na hÉireann: Ráiteas i leith na Gaeilge 2006" ar an 19 Nollaig 2006. Cuireann an ráiteas seo cúram ar an Rialtas maidir le Straitéis fiche bliain a fhorbairt, bunaithe ar 13 cuspóir, lena n-áirítear:

Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán agus déanfar éascaíocht don phobal maidir lena gcuid cearta an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát.

Cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil do thuismitheoirí ar mian leo a gclann a thógáil le Gaeilge.

Leanfar le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí craolacháin ar ardchaighdeán trí Ghaeilge, go háirithe ar TG4, RTÉ agus Raidió na Gaeltachta.

Tabharfar tacaíocht speisialta don Ghaeltacht mar cheantar ina labhraítear Gaeilge.

Leanfar le teagasc na Gaeilge mar ábhar éigeantach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistiméireachta agus cothófar cumas i labhairt agus i scríobh na teanga.

Déanfar infheistíocht bhreisithe i bhforbairt ghairmiúil agus i dtacaíocht leanúnach do mhúinteoirí mar aon le hinfheistíocht bhreisithe i soláthar téacsleabhar agus acmhainní agus i dtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama.

Déanfar forbairt bhreise ar oideachas bun-leibhéal agus dara leibhéal trí Ghaeilge.

Is é polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga pobail ar bhonn céimiúil. Tá aidhm ar leith aige a chinntiú go mbeidh an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla. Ní an Béarla a dhíothú atá i gceist ach an Ghaeilge a láidriú. I mórán tíortha san Eoraip, is é an gnáth-chleachtas ná go mbíonn daoine dátheangach. Is fís mar sin atá ann d'Éirinn, leis an mBéarla agus an Ghaeilge araon á n-úsáid go forleathan ar bhonn laethúil ar fud na tíre.

Mar a thug mé le fios ag ócáid seoladh an ráiteas ar an 19 Nollaig 2006 tá na socruithe seo a leanas déanta chun an straitéis a réiteach:

Beidh ról comhairleach ag Fóram na Gaeilge i gcomhairle a chur ar an Aire maidir leis an straitéis. Tá Fóram na Gaeilge comhdhéanta de na Rannaí Stáit ábhartha (An Roinn Oideachais agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta), eagraíochtaí a bhfuil baint lárnach acu le ceist na Gaeilge, ar nós Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, TG4, Raidió na Gaeltachta agus an earnáil deonach.

Ceapfar duine sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun an obair a stiúradh ó lá go lá agus tá €300,000 á chur i leataobh agam le n-íoc as costais a bhaineann le réiteach na straitéise as seo go ceann dhá bhliain.

Fostófar saineolaithe ar conradh le comhairle a chur ar an Roinn agus ar An Rialtas maidir leis an straitéis agus bainfear leas as saineolas domhanda chun an obair a chur i gcrích.

Rachfar i gcomhairle leis an bpobal mar is cuí i réiteach na straitéise ó tharla go bhfuil tacaíocht an phobail don ráiteas agus don straitéis fíorthábhachtach.

Tá próiseas comhairliúcháin maidir le dréachtú an phlean straitéisigh tosaithe cheana féin agus tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag lorg aighneachtaí ina leith. Tá i gceist ag mo Roinnse chomh maith cóip de ráiteas an rialtais a sheoladh chuig gach comhlacht poiblí atá clúdaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chomh maith le gach bunscoil agus iar bhunscoil, gach leabharlann poiblí agus gach Ionad Comhairle do Shaoránaigh sa stát.

Táim ag bualadh le Fóram na Gaeilge ar an Luan seo chugainn chun forbairt na straitéise agus an ról a bheidh acu sa chúram sin a phlé a thuilleadh.

Tá súil ag an Rialtas go bhfeicfear an ráiteas seo mar bhunchloch do pholasaí nua ar a mbunófar gníomh praiticiúil don Ghaeilge a bheas bunaithe ar chur chuige nua-aimseartha agus straitéis fhoirfe. Tá sé i gceist go bhforbrófar an straitéis thar tréimhse dhá bhlian.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.