Written answers

Tuesday, 27 February 2007

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Polasaí Fostaíochta

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 440: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é polasaí Údarás na Gaeltachta maidir le Gaeilge a bheith ag daoine atá ar fostú i bpoist atá maoinithe acu in eagrais atá ag obair i gceantair Ghaeltachta. [7621/07]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 441: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é polasaí a Roinne maidir le Gaeilge a bheith ag daoine atá ar fostú i bpoist atá maoinithe ag an Roinn in eagrais atá ag obair i gceantair Ghaeltachta. [7622/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 440 agus 441 le chéile.

Ar an gcéad dul síos, ní mór a nótáil go mbaineann forálacha reachtaíochta le ról na Gaeilge i réimse Údarás na Gaeltachta. Mar shampla, leagtar síos go n-úsáidfear an Ghaeilge a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh ag an Údarás agus thar a cheann (alt 8(1) d'Acht um Údarás na Gaeltachta 1979). Anuas air sin, i ndáil le cúnamh airgid ón Údarás chun críocha tionscail, leagtar síos in ailt 10(7) agus 10(8) d'Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 (arna chur isteach ag alt 5 d'Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999) go n-áireofar coinníoll maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid a mhéid is féidir mar phríomh-mheán cumarsáide sa tionscal nó sa scéim fostaíochta iomchuí.

Dá réir sin, is é an polasaí atá ag an Údarás coinníollacha maidir leis an nGaeilge a chur san áireamh ina chuid comhaontuithe deontais agus béim a chur ar chlár nó plean forbartha teanga atá aontaithe idir an tÚdarás agus na tionscadail sin. Maidir leis na coinníollacha fostaíochta, mar shampla, leagtar síos go dtabharfar tús áite do chainteoirí Gaeilge. Mura féidir cainteoirí Gaeilge a fháil leis na scileanna cuí, is féidir go mbeadh daoine gan Ghaeilge líofa á bhfostú ach, sa chás sin, cuirtear cúrsaí Gaeilge ar fáil chun cuidiú leo líofacht a bhaint amach sa teanga. Dar ndóigh, cuireann an tÚdarás treoir, comhairle agus tacaíocht ar fáil chun cláir agus pleananna teanga a chur i bhfeidhm i dtionscadail sa Ghaeltacht a dtugann sé cúnamh dóibh.

Tugtar tacaíocht freisin do chomharchumainn agus d'eagrais phobalbhunaithe, agus do chomhlachtaí ar nós Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo agus Óige na Gaeltachta Teo. Mar a bheifí ag súil leis, bíonn na heagrais seo tiomanta go mór do chur chun cinn na Gaeilge ina ngníomhaíochtaí féin.

Is mar an gcéanna atá an scéal maidir le haon chúnamh a chuireann mo Roinn féin ar fáil d'eagraíochtaí atá ag saothrú sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin Ghaeltachta, d'fhonn tacú leis an nGaeilge féin agus le pobail Ghaeltachta a bhfuil an Ghaeilge mar theanga chumarsáide iontu. Sna cásanna sin uile, bheadh mo Roinnse ag súil leis gur trí Ghaeilge a reachtáilfí gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin agus gur cainteoirí Gaeilge a bheadh fostaithe chun na críche sin.

Maidir le heagraíochtaí sa Ghaeltacht a bheadh ag fáil tacaíochta ó mo Roinnse ar mhaithe le cuspóirí nach mbaineann go sonrach leis an nGaeilge féin (e.g. forbairt tuaithe), bheifí ag súil leis go ndéanfaí gach iarracht chun gnó na n-eagraíochtaí sin a reachtáil ar bhealach a chinnteodh go mbeadh a gcuid seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Tá go leor samplaí suntasacha d'eagraíochtaí — Meitheal Forbartha na Gaeltachta, mar shampla — a n-éiríonn leo a leithéid a dhéanamh ar bhealach an-éifeachtach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.