Written answers
Wednesday, 31 January 2007
Department of An Taoiseach
Comhfhreagras Ranna
8:00 am
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 218: To ask the Taoiseach cá fhad ar an meán a thógann sé air litir a fhreagairt as Béarla i gcomparáid leis an méid ama a thógann sé air litir a fhreagairt as Gaeilge. [2384/07]
Bertie Ahern (Dublin Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Geallann an Chairt do Chustaiméirí de chuid Roinn an Taoisigh go dtabharfar admháil ar gach comhfhreagras laistigh de 3 lá oibre ó fhaightear é, agus go dtabharfar freagra iomlán ar gach comhfhreagras laistigh de 15 lá oibre ó fhaightear é. Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, tugtar gealltanas go n-eiseofar freagra idir an dá linn, ag míniú an cháis agus ag cur in iúl cathain a bheidh freagra ceart ar fáil.
Úsáidtear an t-amscála seo, a leagtar amach sa Chairt, i leith comhfhreagras i nGaeilge agus i mBéarla.
No comments