Written answers
Wednesday, 31 January 2007
Department of Defence
Comhfhreagras Rannach
8:00 am
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 1774: To ask the Aire Cosanta cá fhad ar an meán a thógann sé air litir a fhreagairt as Béarla i gcomparáid leis an méid ama a thógann sé air litir a fhreagairt as Gaeilge. [2395/07]
Willie O'Dea (Limerick East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ní choimeádtar staidreamh maidir leis an achair a thógann sé freagra a thabhairt ar chomhfhreagras, mar ní bheadh sé praiticiúil é sin a dhéanamh. Tá polasaí na Roinne seo maidir le freagra a thabhairt ar chomhfhreagras leagtha amach in ár Seirbhís do Chustaiméirí: Plean Gníomhartha 2004-2007 agus in ár gCairt do Chustaiméirí chomh maith. Déanann an Roinn seo, 'admháil ar gach comhfhreagras, scríofa agus leictreonach, laistigh de 3 lá oibre óna fháil, mura féidir freagra cinnte a thabhairt taobh istigh de 5 lá. Tabharfaimid freagra cinnte, nuair is féidir, ar gach comhfhreagras taobh istigh de 15 lá oibre. Mura féidir freagra cinnte a thabhairt taobh istigh den tréimhse seo, seolfaimid freagra eatramhach chugat ag míniú an cháis taobh istigh de 15 lá oibre. Má scríobhann tú chugainn as Gaeilge, freagróimíd i nGaeilge'.
Ag cloí leis an bpolasaí seo, ní dhéanann an tAire idirdhealú idir comhfhreagras as Béarla agus comhfhreagras as Gaeilge.
No comments