Written answers
Wednesday, 31 January 2007
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Tuarascáil Roinne
8:00 am
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 1284: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a chuirfear an tuarascáil i leith theorainn na Gaeltachta os a chomhair agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [43833/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Faoi mar a chuir mé in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 366 den 28 Samhain 2006, tá an obair ar an staidéar seo críochnaithe anois agus tá dréacht den tuarascáil a thagraíonn an Teachta di faighte ag mo Roinnse. Tuigim go bhfuil an dréacht sin glanta anois ag Coiste Stiúrtha an tionscadail féin agus táthar ag súil le leagan críochnaítheach agus profáilte a fháil sa Roinn laistigh de chúpla seachtain. Bheinn ag súil go gcuirfí faoi mo bhráid í ag an bpointe sin. Mar atá curtha in iúl agam cheana, glacaim leis go mbeidh an tuarascáil le foilsiú i dtráth cuí agus beidh mé sásta cóipeanna a chur ar fáil i Leabharlann an Oireachtais ag an am sin.
No comments