Written answers

Wednesday, 31 January 2007

Department of Social and Family Affairs

Comhfhreagras Ranna

8:00 am

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 1180: To ask the Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh cá fhad ar an meán a thógann sé air litir a fhreagairt as Béarla i gcomparáid leis an méid ama a thógann sé air litir a fhreagairt as Gaeilge. [2392/07]

Photo of Séamus BrennanSéamus Brennan (Dublin South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Deintear gach iarracht i mo Roinnse freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir ar gach litir a fhaightear. Braitheann an t-am a chaitear ar an bhfreagra ar cé chomh casta is atá an cheist agus ar infhaighteacht an eolais atá ag teastáil don fhreagra. Chomh maith leis na toisceanna sin, braitheann an t-am a chaitear ar fhreagra ar litir i nGaeilge ar infhaighteacht baill foirne atá cáilithe an freagra a aistriú go Gaeilge. Má tá an freagra casta nó teicniúil féadfaidh sé a bheith riachtanach é a chur chuig aistreoir proifisiúnta taobh amuigh de mo Roinnse. Is féidir freagraí gearra a aistriú in aon lá amháin ach tógann freagraí fada nó casta níos mó ná sin. Mar sin, ní féidir a rá cén fhaid ar an meán a thógann sé freagra as Béarla a fhreagairt i gcomparáid leis an meíd ama a thógann sé litir a fhreagairt as Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.