Written answers

Wednesday, 31 January 2007

Department of Enterprise, Trade and Employment

An Teanga Ghaeilge

8:00 am

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 1119: To ask the Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta cá fhad ar an meán a thógann sé air litir a fhreagairt as Béarla i gcomparáid leis an méid ama a thógann sé air litir a fhreagairt as Gaeilge. [2391/07]

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi Chairt Chustaiméirí mo Roinne tá sé mar aidhm againn freagra iomlán a thabhairt ar litreacha laistigh de 15 lá oibre. Braithfidh an t-achar a thógfaidh sé litreacha a fhreagairt i nGaeilge i gcomparáid le litreacha a fhreagairt i mBéarla ar an ábhar a bheidh i gceist agus chomh casta is a bheidh na saincheisteanna inti. Sa chás gur ábhar simplí neamhchasta a bheidh i gceist leis an gcomhfhreagras, ba chóir nach mbeadh aon difríocht san achar ama a thógfaidh sé an litir a fhreagairt i nGaeilge. Sa chás go n-ardaítear saincheisteanna níos casta nó sa chás go dteastaíonn seirbhísí aistriúcháin sheachtraigh, b'fhéidir go dteastódh breis ama chun freagra a thabhairt i nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.