Written answers
Wednesday, 31 January 2007
Department of Justice, Equality and Law Reform
Acht Cúirteanna Breithiúnais
8:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 437: To ask the Tánaiste agus Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cad iad na céimeanna atá glactha aige lena chinntiú, nuair a cheaptar breitheamh dúiche a bhfuil ceantar Gaeltachta ina dhúiche, go gcloítear le forálacha an Achta Cúirteanna Breithiúnais 1924 (Uimhir 10), alt 71; is é sin go bhfuil cumas Gaeilge ag an té a cheaptar. [2693/07]
Michael McDowell (Dublin South East, Progressive Democrats)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, luaitear i bhforálacha alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924: 'Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh, beidh ag an mBreitheamh den Chúirt Dúithche, a ceapfar do Dhúthaigh ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg in úsáid ghenerálta, oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta o fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin.'
Ní a bhí le cur san áireamh i ndáil leis an bhfolúntas i nDúiche Uimh. 1 a líonadh le gairid ná go raibh brú mór oibre sa Dúiche. Dá bhrí sin, bhí fonn ar an Rialtas agus ar an Tánaiste an folúntas do bhreitheamh buansannta sa Dúiche a líonadh gan mhoill. D'éagmais aon iarrata ó bhreitheamh — lena n-áirítear aon bhreitheamh a dhearbhaigh go raibh inniúlacht áirithe aige nó aici sa Ghaeilge — chun aistriú go dtí an Dúiche, rinneadh breitheamh nuacheaptha a shannadh.
Má thagann imthosca chun cinn in aon chás ina gcreidfidh breitheamh a bheidh buansannta do Dhúiche nár chóir dósan nó dise éisteacht a ghabháil air féin nó uirthi féin, is féidir le hUachtarán na Cúirte Dúiche breitheamh eile a shannadh ar bhonn sealadach chun an cás a éisteacht.
No comments