Written answers
Wednesday, 31 January 2007
Department of Justice, Equality and Law Reform
Comhfhreagras Ranna
8:00 am
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 416: To ask the Tánaiste agus Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cá fhad ar an meán a thógann sé air litir a fhreagairt as Béarla i gcomparáid leis an méid ama a thógann sé air litir a fhreagairt as Gaeilge. [2386/07]
Michael McDowell (Dublin South East, Progressive Democrats)
Link to this: Individually | In context
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go bhféachann mo Roinnse, i gcomhréir le Cairt Chustaiméirí na Roinne, le tromlach na gcumarsáidí i scríbhinn a admháil laistigh de 5 lá oibre tar éis iad a fháil, agus le freagra críochnaitheach a sholáthar laistigh de 20 lá oibre. Níl saintréimhsí ama próiseála de réir theanga na cumarsáide ar fáil go réidh, áfach. Toisc gurb é an Béarla an phríomhtheanga oibre laistigh de mo Roinnse, caitear roinnt ama dá bhrí sin ag aistriú comhfhreagrais i nGaeilge, mar aon le freagraí ar an gcomhfhreagras sin, ach ní mheastar go ndéanann sé sin eisiúint fhreagraí ar chomhfhreagras a fhaightear sa Ghaeilge a mhórmhoilliú.
No comments