Written answers
Wednesday, 13 December 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Acht na dTeangacha Oifigiúla
10:00 pm
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 101: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2006 a leasú maidir le síneacha tráchta, fógraíocht, lógónna, gnó lasmuigh den stát agus comharthaí reatha mar atá molta ag Conradh na Gaeilge. [42910/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar atá curtha in iúl agam don Teach cheana, tá na rialacháin seo foilsithe agus leagtha os comhair gach Tí den Oireachtas agam i bhfoirm dréachta. Rinne mé é seo le deis a thabhairt do Theachtaí agus do Sheanadóirí na dréacht-rialacháin a phlé agus leasuithe a mholadh, dá mba mhian leo, sula síneoinn iad.
Bhí deis agam na dréacht-rialacháin a phlé os comhair an Chomhchoiste do na hEalaíona, Spóirt, Turasóireacht, Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar 29 Samhain 2006 agus arís inniu. Mar a thug mé le fios don Chomhchoiste inniu, bhí an díospóireacht ar na dréacht-rialacháin thar a bheith fiúntach agus fáiltím roimh an ionchur a rinneadh. Tá i gceist agam machnamh a dhéanamh ar na pointí éagsúla atá déanta agus tá rún agam ráiteas eile a dhéanamh maidir leis na dréacht-rialacháin amach anseo.
No comments