Written answers

Wednesday, 13 December 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Rialacháin um Shábháilteacht Dóiteáin

10:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 76: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an dtuigeann sé go bhfuil deacrachtaí á gcothú ag na rialacha nua maidir le sábháilteacht dóiteáin i dtithe Gaeltachta agus an mbeidh sé sásta breis ama le cois dhá bhliain a thabhairt chun deis a thabhairt do na mná tí a dtithe a chur in oiriúint chun cloí leis na rialacha. [42638/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá aitheantas speisialta tugtha ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil do na tithe atá aitheanta ag mo Roinnse faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge chun foghlaimeoirí a choinneáil. I gcomhréir leis an aitheantas speisialta sin, tá treoirlínte nua do 2007 agus dá éis eisithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil dar teideal "Sábháilteacht Dóiteáin i dTithe Gaeltachta a chuireann Lóistín ar fáil d'Fhoghlaimeoirí Gaeilge".

Tá cóipeanna de na treoirlínte nua curtha chuig na hOifigigh Dóiteáin cuí chomh maith le gach Coláiste agus teaghlach atá cláraithe faoin Scéim. Ar ndóigh, níl aon fhreagracht maidir le sábháilteacht dóiteáin ar mo Roinnse. Leagann na hAchtanna Seirbhisí Dóiteáin 1981 agus 2003 an fhreagracht áirithe sin ar an duine atá i gceannas ar theach ina bhfuil foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas ann agus ar na hOifigigh Dóiteáin féin.

Tuigim go maith na deacrachtaí atá luaite ag an Teachta agus ba ar an gcúis sin a chuir mo Roinnse cúnamh deontais ar fáil le cuidiú le Coláistí Gaeilge éagsúla innealtóirí a fhostú chun suirbhéanna cuimsitheacha a dhéanamh ar a gcuid tithe. Beidh cúnamh ar fáil ó mo Roinnse freisin d'iarratasóirí cáilithe faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) 1929-2001 sa chás go mbeidh obair fheabhsúcháin le déanamh le go mbeidh na tithe ag comhlíonadh na dtreoirlínte. Tuigim chomh maith gur reachtáil Comhchoiste na gColáistí Samhraidh (CONCOS) cruinnithe eolais ar fud na Gaeltachta, ar ar fhreastail innealtóirí agus oifigigh ó mo Roinnse, chun na treoirlínte nua agus gach a bhaineann leo a mhíniú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.