Written answers
Wednesday, 13 December 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Coimisiún Logainmneacha
10:00 pm
Donal Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 69: To ask the Aire Gnóthaà Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go dtugann an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 stádas oifigiúil agus oibre do logainmneacha Gaeltachta Chorcaà den chéad uair ó bunaÃodh an Stát; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42668/06]
Máire Hoctor (Tipperary North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 87: To ask the Aire Gnóthaà Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go dtugann an tOrdú Logainmneacha Contae Thiobraid Ãrainn 2005 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 stádas oifigiúil agus oibre do logainm Gaeilge bhailte fearainn i gContae Thiobraid Ãrann den chéad uair ó bunaÃodh an Stát; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42637/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá i gceist agam Ceisteanna 69 agus 87 a thógáil le chéile.
Faoi Chuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, féadfaidh mé, mar Aire, an leagan Gaeilge de logainm a dhearbhú le hOrdú. Chomh luath agus a bhÃonn a leithéid d'Ordú reachtúil déanta i leith aon logainm in aon limistéar lasmuigh den Ghaeltacht, is é éifeacht na reachtaÃochta ná go mbÃonn comhstádas agus comhfheidhm dhlÃthiúil ag leaganacha Gaeilge agus Béarla an logainm. I gcás go ndéanaim Ordú reachtúil i leith logainm i limistéar laistigh den Ghaeltacht, bÃonn stádas oifigiúil ag an leagan Gaeilge amháin (ar ndóigh, nà chuireann an tAcht stop le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta i mbeagnach gach cás).
Ta sé tábhachtach a thabhairt chun cuimhne gur ag leaganacha Béarla na logainmneacha amháin, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a bhà seasamh oifigiúil roimh theacht i bhfeidhm Cuid a 5 den Acht.
Tá 10 gcinn d'Orduithe déanta agam de réir fhorálacha Cuid 5 den Acht go dáta. Ina measc seo, tá An tOrdú Logainmneacha (Contae Thiobraid Ãrainn) 2005, a tháinig i bhfeidhm ar 21 Nollaig 2005, agus An Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004, a tháining i bhfeidhm ar 28 Márta 2005 agus a bhfuil logainmneacha Ghaeltacht Chorcaà san áireamh ann.
Is cúis áthais dom go dtugann na hOrduithe atá déanta agam stádas oifigiúil don leagan Gaeilge de na logainmneacha uilig atá i gceist, ina measc logainmneacha i gContae Thiobraid Ãrainn agus i nGaeltacht ChorcaÃ, den chéad uair ó bunaÃodh an Stát. Tá sé mar chuspóir ag mo Roinnse go gcuirfà an chuid eile den taighde, mar aon leis na hOrduithe riachtanacha i leith na gcontaetha ar fad atá fágtha, i gcrÃch laistigh de 7 go 10 mbliana.
No comments