Written answers

Wednesday, 13 December 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

An Coimisiún Logainmneacha

10:00 pm

Donal Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 69: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go dtugann an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 stádas oifigiúil agus oibre do logainmneacha Gaeltachta Chorcaí den chéad uair ó bunaíodh an Stát; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42668/06]

Photo of Máire HoctorMáire Hoctor (Tipperary North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 87: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go dtugann an tOrdú Logainmneacha Contae Thiobraid Árainn 2005 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 stádas oifigiúil agus oibre do logainm Gaeilge bhailte fearainn i gContae Thiobraid Árann den chéad uair ó bunaíodh an Stát; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42637/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá i gceist agam Ceisteanna 69 agus 87 a thógáil le chéile.

Faoi Chuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, féadfaidh mé, mar Aire, an leagan Gaeilge de logainm a dhearbhú le hOrdú. Chomh luath agus a bhíonn a leithéid d'Ordú reachtúil déanta i leith aon logainm in aon limistéar lasmuigh den Ghaeltacht, is é éifeacht na reachtaíochta ná go mbíonn comhstádas agus comhfheidhm dhlíthiúil ag leaganacha Gaeilge agus Béarla an logainm. I gcás go ndéanaim Ordú reachtúil i leith logainm i limistéar laistigh den Ghaeltacht, bíonn stádas oifigiúil ag an leagan Gaeilge amháin (ar ndóigh, ní chuireann an tAcht stop le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta i mbeagnach gach cás).

Ta sé tábhachtach a thabhairt chun cuimhne gur ag leaganacha Béarla na logainmneacha amháin, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a bhí seasamh oifigiúil roimh theacht i bhfeidhm Cuid a 5 den Acht.

Tá 10 gcinn d'Orduithe déanta agam de réir fhorálacha Cuid 5 den Acht go dáta. Ina measc seo, tá An tOrdú Logainmneacha (Contae Thiobraid Árainn) 2005, a tháinig i bhfeidhm ar 21 Nollaig 2005, agus An Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004, a tháining i bhfeidhm ar 28 Márta 2005 agus a bhfuil logainmneacha Ghaeltacht Chorcaí san áireamh ann.

Is cúis áthais dom go dtugann na hOrduithe atá déanta agam stádas oifigiúil don leagan Gaeilge de na logainmneacha uilig atá i gceist, ina measc logainmneacha i gContae Thiobraid Árainn agus i nGaeltacht Chorcaí, den chéad uair ó bunaíodh an Stát. Tá sé mar chuspóir ag mo Roinnse go gcuirfí an chuid eile den taighde, mar aon leis na hOrduithe riachtanacha i leith na gcontaetha ar fad atá fágtha, i gcrích laistigh de 7 go 10 mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.