Written answers

Wednesday, 13 December 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla

10:00 pm

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 60: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i rith 2006; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42861/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá dul chun cinn suntasach bainte amach i rith na bliana seo maidir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm ar bhonn céimiúil. I measc na bpríomh-chéimeanna a baineadh amach i mbliana tá an méid seo a leanas:

Tá forálacha uilig an Achta i bhfeidhm ó 14 Iúil 2006. Tháinig gach foráil den Acht nach raibh tugtha i bhfeidhm agam roimhe sin — ba iad sin ailt 7, 8 agus 9(3) — i bhfeidhm go huathoibríoch an lá sin i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta.

Ó thús na bliana, tá 17 scéim teanga daingnithe agam le comhlachtaí poiblí agus foilsithe. Sa bhreis air sin, tá fógra seolta agam chuig os cionn 60 comhlacht poiblí eile ag iarraidh orthu dréacht-scéim teanga a ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú. Tá oifigigh mo Roinne ag plé leis na comhlachtaí sin faoi láthair. Ní miste domsa rá go bhfuil 39 scéim san iomlán aontaithe agam anois le comhlachtaí poiblí. Ta na scéimeanna seo uilig ar fáil ar shuíomh Idirlín an Choimisinéara Teanga.

I mí Aibreáin 2006 rinne mé Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 a thug an liosta de na comhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoin Acht suas go dáta trí chomhlachtaí nua a thabhairt faoi fhorálacha an Achta agus aon tagairt do chomhlachtaí nach bhfuil ag feidhmiú a thuilleadh a scrios.

Ar 28 Meán Fómhair 2006, d'fhoilsigh mé rialacháin i bhfoirm dréachta atá le déanamh agam faoi alt 9(1) den Acht agus leag mé os comhair Thithe an Oireachtais iad. Baineann na dréacht-rialacháin seo le húsáid na Gaeilge amháin, nó na Gaeilge agus an Bhéarla le chéile, i bhfógairtí béil réamh-thaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí, Ranna Stáit, údaráis áitiúla, srl. Mar is eol don Teachta, bhí deis ann na dréacht-rialacháin a phlé os comhair an Chomhchoiste do na hEalaíona, Spóirt, Turasóireacht, Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar 29 Samhain 2006 agus arís inniu. Mar a thug mé le fios don Chomhchoiste inniu, bhí an díospóireacht ar na dréacht-rialacháin thar a bheith fiúntach agus fáiltím roimh an ionchur a rinneadh. Tá i gceist agam machnamh a dhéanamh ar na pointí éagsúla atá déanta agus tá rún agam ráiteas eile a dhéanamh maidir leis na dréacht-rialacháin amach anseo.

Ar iarratas uaim, tá Foras na Gaeilge tar éis córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge a fhorbairt. Is é seo an chéad chóras dá leithéid a bheidh ar fáil d'aistritheoirí Gaeilge na tíre seo. Reáchtáladh scrúdú i mí Aibreáin 2006 mar chéad chéim den phróiseas agus foilsíodh an chéad phainéal d'aistritheoirí ar shuíomh Idirlín an Fhorais i mí Iúil. Tuigim go raibh scrúdú eile le déanaí agus go bhfuil i gceist tuilleadh scrúduithe a reáchtáil amach anseo ag tráthanna rialta. Is cinnte gur cúnamh praiticiúil fíor-thábhachtach a bheidh sa phainéal seo do chomhlachtaí poiblí a úsáideann seirbhísí ó aistritheoirí príobháideacha, go háirithe i ndáil lena ndualgais faoin Acht a chomhlíonadh.

Ar an iomlán, mar sin, táim sásta leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla ar bhonn céimiúil. Táim sásta go n-éireoidh leis na comhlachtaí poiblí na dualgais reachtúla a thitfidh orthu faoin Acht a chomhlíonadh go céimiúil agus, go deimhin, go nglacfaidh said leis an dúshlán le meon dearfach agus sa spiorad ceart. Ar ndóigh, beidh gach scéim teanga dréachtaithe ag na comhlachtaí poiblí i gcomhthéacs agus ar bhonn na n-acmhainní — idir airgead agus foireann — atá acu nó a bheidh ar fáil dóibh le linn thréimhse na scéime. Ní féidir gach rud a bhaint amach thar oíche agus, mar a dúirt mé ón dtús, is í an aidhm atá agam ná go mbeidh feabhsúcháin á mbaint amach — thar thréimhse roinnt scéimeanna, b'fhéidir — ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a bhíonn á gcur ar fáil trí Ghaeilge, de réir éilimh. An méid sin ráite, is gnó do na comhlachtaí poiblí féin, ar ndóigh, a chinntiú go gcomhlíonfar na dualgais a thitfidh orthu faoin Acht seo sa chaoi chéanna agus a chomhlíontar dualgais faoi aon reachtaíocht eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.