Written answers
Wednesday, 13 December 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Fostaíocht Gaeltachta
10:00 pm
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 48: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó post a cruthaíodh i nGaeltacht Chiarraí le cabhair ó Údaras na Gaeltachta i ngach bliain ó 2002 go dtí 2006, an meánchostas ar phost a chruthú i ngach bliain; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42857/06]
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 70: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó post, a cruthaíodh le cabhair ó Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chiarraí, a cailleadh i ngach bliain ó 2002 go dtí 2006; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42858/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 48 agus 70 le chéile.
De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta óna shuirbhéanna fostaíochta bliantúla, tháinig glanmhéadú 108 ar líon na bpost lánaimseartha i gcuideachtaí a fuair cúnamh ón Údarás sa tréimhse 2002-2005, i.e., cruthaíodh 462 post agus cailleadh 354 post. Níl an suirbhé fostaíochta curtha i gcrích maidir le 2006 go fóill ach tuigim ón Údarás go mbeidh an t-eolas sin ar fáil go luath i mí Eanáir 2007.
Tugtar sa Tábla leis seo an briseadh síos de réir bliana mar atá iarrtha ag an Teachta. Mar eolas breise don Teachta, tháinig méadú ar lion na bpost páirtaimseartha/séasúracha ó 437 i 2002 go 483 ag deireadh 2005.
Tábla: Briseadh síos de réir bliana ar líon na bpost nua agus na bpost a cailleadh, mar aon leis an meán-chostas in aghaidh an phoist | |||
Bliain | Poist nua | Poist caillte | Meán-chostas an phoist |
€ | |||
2002 | 89 | 69 | 4,771 |
2003 | 122 | 99 | 1,611 |
2004 | 92 | 91 | 4,141 |
2005 | 159 | 95 | 7,045 |
No comments