Written answers

Wednesday, 6 December 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Calafoirt agus Céanna

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 282: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn ar dheontas do Chéidh Inis Bó Finne, Dún na nGall; cad é an obair atá beartaithe; cad é costas measta na hoibre agus an bhfuil deontas á cheadú. [41861/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níos luaithe i mbliana, fuair mo Roinn iarratas ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar chúnamh le haghaidh oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar Ché Inis Bó Finne ar chostas measta de €300,000. Iarradh ar an gComhairle Chontae, ag an am sin, tairiscintí a lorg don obair ionas go mbeifí in ann an t-iarratas ar chúnamh a mheas bunaithe ar chostas cruinn, seachas costas measta.

Tuigtear go bhfuil na tairiscintí a fuarthas i gcomhair an togra seo á meas ag an gComhairle Chontae faoi láthair agus go bhfuil i gceist iarratas nua a dhéanamh le mo Roinnse go luath. Ach an t-iarratas sin bheith faighte, déanfar é a mheas i gcomhthéacs an airgid a bheidh ar fáil dom le caitheamh ar fhorbairt oileán agus nan-éileamh éagsúla ar an airgead sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.