Written answers

Wednesday, 6 December 2006

Department of Foreign Affairs

Forbairt na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 230: To ask the Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil an Rialtas ag cloí leis an socrú a rinneadh ag Cill Rímhinn i dtaobh Achta Teanga ó thuaidh. [41822/06]

Photo of Dermot AhernDermot Ahern (Louth, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Leagann Aguisín B le Comhaontú Chill Rímhinn amach gealltanais Rialtas na Breataine i leith cearta daonna, comhionannais, íobartach, agus ábhar eile. I measc na n-ábhar seo, tá gealltanas ar leith tugtha go leagfaí faoi bhráid na Parlaiminte Acht Teanga do Thuaisceart na hÉireann, agus go ndéanfaí comhoibriú leis an bhFeidhmiúchán nua le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn.

Mar aon leis an ngealltanas seo, cuireann Acht Thuaisceart na hÉireann (Comhaontú Chill Rímhinn) 2006, a achtaíodh i Westminster ar an 22 Samhain 2006, iallach ar an bhFeidhmiúchán nua straitéis a bhunú a dhéanann cur síos ar an slí ina mbeartaíonn sé forbairt na teanga a chur chun cinn agus a chosaint.

Déanfaidh mé an cur chuige atá beartaithe ag Rialtas na Breataine i leith na reachtaíochta a bhaineann leis an nGaeilge a phlé leis an Rúnaí Stáit, Peter Hain, nuair a bhuailfidh mé leis ag an gcéad chruinniú eile den gComhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann an tseachtain seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.