Written answers

Tuesday, 5 December 2006

Department of Education and Science

Coláistí Oideachais

11:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 457: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén plean atá aici coláiste oideachais neamhspleách a chur ar bun le múinteoirí a oiliúint chun teagasc i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41116/06]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl sé i gceist agam Coláiste Oideachais Neamhspleách a chur ar bun le múinteoirí a oiliúint chun teagasc i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. É sin ráite, is é mo rún daingean a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge chuí á múineadh i ngach clár ag na Coláistí Oiliúna chun freastail ar riachtanais na múinteoirí ag obair i ngach scoil, scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna san áireamh.

Glacann gach mac léinn B.Oid. agus iarchéime páirt i modúil i dTeagasc na Gaeilge, cúrsa modheolaíochta ar mhúineadh na Gaeilge, i ngach bliain dá gcúrsa. Bíonn deis ag mic léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach agus i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach an Ghaeilge a ghlacadh mar ábhar acadúil agus na mic léinn nach ndéanann amhlaidh bíonn orthu cúrsa a ghlacadh i nGaeilge Ghairmiúil. Glacann mic léinn a leithéid céanna de chúrsa i gColáiste Marino, i gColáiste Froebel agus i gColáiste Eaglais na hÉireann. Tugtar tacaíocht bhreise do mhic léinn ar mian leo a gcuid cleachtadh múinteoireachta a dhéanamh i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna. Chomh maith leis sin, tá sé riachtanach do gach ábhar múinteoir freastal ar chúrsa trí seachtaine i gColáiste Gaeilge aitheanta sa Ghaeltacht. Tig le Coláistí Oideachais suas le 10% de na hionaid ar an gclár B.Oid. a chur in áirithe do mhic léinn ó cheantair atá aitheanta go hoifigiúil mar cheantair Ghaeltachta.

Leanann mo Roinnse uirthi ag tabhairt tacaíochta d'oidí i gcur i bhfeidhm an churaclaim Ghaeilge le cabhair na gCuiditheoirí Gaeilge a bhíonn ag feidhmiú ag an leibhéal áitiúil agus ag an leibhéal réigiúnach. Is trí chuairteanna ar na scoileanna a thugann siad an tacaíocht i dtosach agus leanann siad den tacaíocht sin thar thréimhse roinnt seachtainí trí úsáid a bhaint as an nguthán, as ríomhphost agus as na háiseanna idirlín mar chuid den tseirbhís.

Aibreán seo caite d'fhógair mé go raibh cuiditheoirí sa bhreis á fhostú (á earcú) chun dul i mbun oibre le múinteoirí ionas go mbeadh feabhas ar cháilíocht theagaisc na Gaeilge sna bunscoileanna.

Tá fhios agam fé na riachtanais fé leith a bhaineann le scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna agus geallaimse dhuit a Theachta Dála gurb é mo rún daingean go bhfreastalófaí ar na riachtanais sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.