Written answers
Tuesday, 28 November 2006
Department of Education and Science
Teaching Qualifications
10:00 am
Caoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 450: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth a bhfuil an riail ann go bhfuil sé de dhualgas ar mhúinteoirí atá ag obair sna Sé Chontae an chuid phraiticiúil den Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge a dhéanamh i scoil sna 26 Chontae amháin, seachas sna scoileanna ina bhfuil siad ag múineadh Gaeilge sna Sé Chontae; an athróidh sí an riail seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40357/06]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Don Triail Phraiticiúil beidh ar an iarrthóir a léiriú gur féidir leis/léi an clár sa Ghaeilge mar atá sé léirithe i gCuraclam na Bunscoile 1999 a mhúineadh mar ba chóir. Chun an critéir seo a shásamh ní mór don iarrthóir a bheith ag múineadh i limistéar ina bhfuil an curaclam san i bhfeidhm. Ciallaíonn san nach féidir an Triail Phraiticiúil den SCG a chríochnú go dtí go mbeidh fáil ag an iarrthóir ar rang in Éirinn chun a c(h)umas i leith múineadh an churaclaim san a léiriú.
No comments