Written answers

Thursday, 23 November 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 240: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dáta ar bunaíodh comhlucht (sonraí tugtha) sa Ghaeltacht; an deontas iomlán a íocadh leis an gComhlucht go dtí seo; an líon daoine atá fostaithe, cad iad na deacrachtaí atá ag an gComhlucht faoi láthair; costas iomlán an fhorgnimh ina bhfuil an comhlucht lonnaithe agus na pleananna leis na postanna a chaomhnú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39707/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ón eolas atá faighte ó Údarás na Gaeltachta, tuigim gur bunaíodh an comhlacht atá i gceist ag an Teachta sa Ghaeltacht i 2001 agus go bhfuil cúnamh dar luach €3.1 milliún beagnach íoctha leis go dáta (deontais de €2.306 milliún móide foirdheontas cíosa de €0.782 milliún). Tuigtear dom ón Údarás freisin go bhfuil 54 duine fostaithe ag an gcomhlacht ach go bhfuil 49 díobh sin leagtha as go sealadach ó 17 Samhain 2006.

Tuigim ón Údarás gur bhain costas €4.853 milliún leis an mhonarcha a thógáil don ghnó tosaigh lenár tógadh í. Bhain caiteachas €6.389 milliún leis an obair athchóirithe a bhí riachtanach chun an foirgneamh a chur in oiriúint do ghnó an chomhlachta atá i gceist ag an Teachta — thit €3.66 milliún den chostas sin ar an Údarás agus an fuílleach de €2.729 milliún ar an gcomhlacht féin.

Maidir le deacrachtaí an chomhlachta faoi láthair agus na pleananna chun poist a chaomhnú, tuigim go ndearna an comhlacht cinneadh an mhonarcha a dhúnadh go sealadach i bhfianaise méadú mór stoc ar lámh go dtí go mbeadh sé in ann an farasbarr sin a dhíol. Tuigtear dom freisin go bhfuil an comhlacht i mbun comhráite le custaiméirí d'fhonn na deacrachtaí sin a shárú agus an fhoireann a chur ar ais ag obair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.