Written answers

Tuesday, 21 November 2006

Department of Education and Science

Clár Tógála Scoileanna

9:00 am

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 512: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil suíomh aimsithe do Ghaelscoil Dara, An Rinn Mhór, i gcathair na Gaillimhe agus an bhfuil an t-iarstáisiún aimsire san áireamh. [38520/06]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dheimhnigh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí le gairid leis an Roinn nach bhfuil an suíomh i gceist ar fáil le breithniú mar shuíomh scoile nua. Tá mo Roinn gafa go gníomhach faoi láthair ag lorg suímh oiriúnaigh nua chun foirgneamh buan a thógáil don scoil a dtagraíonn an Teachta di. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar riachtanais bhuanchóiríochta na scoile i gceist chomh tapaidh agus is féidir agus go gcuirfear soláthar foirgnimh bhuain don scoil chun cinn i gcomhthéacs an Chláir um Thógáil agus Athchóiriú Scoileanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.