Written answers

Tuesday, 14 November 2006

Department of Education and Science

Clár Tógála Scoileanna

9:00 am

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 485: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a chuirfidh an Roinn litir atá geallta chuig scoil i gContae Phort Láirge (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37674/06]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an Roinn tar éis iarratas a fháil ar mhaoiniú mór caipitil ó údarás bainistíochta na scoile dá dtagrann an Teachta. Measúnaíodh an t-iarratas de réir na gcritéar tosaíochta a foilsíodh do thionscadail foirgníochta ar scála mór agus sannadh rátáil Bhanda a 2 dó.

Tá foirniú réamheasta fadtéarmach na scoile dá leagadh amach faoi láthair ag an Rannóg Phleanála Scoileanna. Chomh luath agus atá sé seo socraithe cuirfear scéala chuig an scoil. Tá an Rannóg Phleanála Scoileanna ag súil go mbeidh ar a cumas an fhaisnéis seo a chur ar aghaidh chuig an scoil go gairid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.