Written answers
Thursday, 9 November 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Fostaíocht sa Ghaeltacht
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 64: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh le fostaíocht a chur ar fáil i gCeantar Chloich Cheann Fhaola; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36780/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun deiseanna fostaíochta agus forbartha a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta, ceantar Chloich Chionnaola ina measc. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil 142 duine fostaithe i gceantar Chloich Chionnaola i ngnóthaí a fuair tacaíocht ón Údarás.
Le blianta beaga anuas, tá iarrachtaí an Údaráis i gceantar iarthuaisceart Dhún na nGall dírithe ar athbheochan Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair chun deiseanna fostaíochta a chruthú do phobal na dtrí paróiste, Gaoth Dobhair, Cloich Chionnaola agus na Rosa.
Tá maoiniú ceadaithe ag an Údarás freisin chun forbairt a dhéanamh ar fhoirgnimh ar Eastát Tionscail an Fhál Charraigh agus áiteanna eile sa pharóiste.
No comments