Written answers
Thursday, 2 November 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Aerstráicí Reigiúnacha
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 212: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le haerstráice a chur ar fáil ar Thoraigh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36034/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Le cúpla bliain anuas, tá Údarás na Gaeltachta i mbun obair réamh-phleanála i gcomhair aerstráice a thógáil ar Oileán Thoraí. Ag eascairt ón obair seo, fuarthas cead pleanála don fhorbairt ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall i 2004.
I láthair na huaire, tá comhráití ar bun idir oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae Dhún na nGall maidir le hOrduithe Ceannacháin Éigeantaigh a chur i bhfeidhm ar an talamh a theastaíonn don togra.
No comments