Written answers

Wednesday, 1 November 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Ceist Phleanáta

6:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 516: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá á mbeartú le breis fostaíochta a chur ar bun i gceantar Chill Chárthaigh, Dún na nGall, go speisialta i réimse na n-ionad glaonna, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35559/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun tograí a chuirfidh fostaíocht fhiúntach ar fáil a mhealladh chuig gach uile chuid den Ghaeltacht, ceantar Chill Charthaigh ina measc. Maidir le hionaid ghlaonna, is mithid a lua go raibh toradh dearfach ar obair an Údaráis sa réimse seo le blianta beaga anuas agus gur éirigh leis tionscnaimh le fostaíocht fhiúntach a bhunú i gceantair sa Ghaeltacht, ar nós Gaoth Dobhair, An Daingean agus Acaill. Aithníonn an tÚdarás an tairbhe a bhaineann le tograí den chineál seo agus leanfar le hiarrachtaí tuilleadh tograí mar iad a mhealladh go dtí an Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.