Written answers

Wednesday, 25 October 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

An Teanga Ghaeilge

9:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 248: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain atá sé i gceist aige rialacháin a dhéanamh faoi alt d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, lena chinntiú go mbeidh foirmeacha dátheangacha ar fáil don phobal ó chomhlachtaí poiblí mar ghnáthnós agus go mbeidh comharthaí a gcaitear airgead poiblí orthu dátheangach mar ghnáthnós faoi mar a tharlaíonn i dtíortha dátheangacha eile. [34770/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 266 den 28 Meán Fómhair 2006. Tá dréacht de rialacháin faoi alt 9(1) leagtha agam faoi bhráid gach Teach den Oireachtas le deis a thabhairt do Theachtaí agus Seanadóirí iad a phlé agus leasuithe a mholadh sula ndéanfaidh mé iad a shíniú. Tá súil agam go mbeidh an plé sin ann go luath. Ní mór dom a chur in iúl don Teachta, áfach, nach dtagann foirmeacha faoi scáth alt 9(1) den Acht. Is amhlaidh go bhfuil seirbhísí mar sholáthar fhoirmeacha ar cheann de na hábhair a clúdaítear faoi na scéimeanna teanga a bhíonn le haontú le comhlachtaí poiblí faoi réir fhorálacha alt 11 den Acht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.