Written answers

Tuesday, 24 October 2006

Department of Education and Science

Cursaí sa Ghaeilge

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 624: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta ar chuir údaráis an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in iúl di nach raibh siad le cúrsa céime sa Ghaeilge istoíche a chur ar fáil i mbliana in ainneoin é a bheith fógartha agus in ainneoin go raibh daoine cláraithe don chúrsa, tar éis dóibh an cúrsa dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach a chríochnú níos luaithe i mbliana. [34372/06]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 626: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na dualgais atá ar choláistí Ollscoil na hÉireann i leith an Ghaeilge a chur chun cinn, i leith cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí i nGaeilge a chur ar fáil, agus cad iad na dualgais atá ar a Roinn chun a chinntiú go bhfuil siad ag cloí leo sin. [34378/06]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Beartaím Ceisteanna Uimh. 624 agus 626 a thógáil le chéile.

Mar is eol don Teachta cheana féin, is ag na hollscoileanna féin atá sé de cheart agus de chúram cúrsaí a sholáthar ar an gcéad dul síos. Faoi réir Acht na nOllscoileanna 1997, is institiúidí neamhspleácha iad ollscoileanna agus níl baint ar bith ag mo Roinn leis an ngnáth-obair laethúil acu.

Tá cuspóirí agus feidhmeanna ollscoile leagtha amach in alt 12 d'Acht na nOllscoileanna 1997. Forálann alt 12 (e) go gcuimseoidh cuspóirí ollscoile: "to promote the official languages of the State, with special regard to the preservation, promotion and use of the Irish language and the preservation and promotion of the distinctive cultures of Ireland". B'fhéidir gur eol don Teachta go soláthraíonn An tÚdarás um Ardoideachas maoiniú ar leith do líon áirithe Tionscnamh Sprioctha. Ar na nithe a dtacaítear leo faoin Tionscnamh Sprioctha don Ghaeilge tá múineadh ábhair seachas an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge agus forbairt úsáid na Gaeilge ar fud an choláiste ag mic léinn agus foireann araon.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 625: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta ar chuir údaráis Institiúid Teicneolaíochta Thamhlachta, Baile Átha Cliath, in iúl di nach raibh siad le cúrsa céime sa Ghaeilge a chur ar fáil i mbliana in ainneoin an éilimh ar aistritheoirí agus ar chéimithe Gaeilge ó glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. [34374/06]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Leagadh amach nós imeachta reachtúil in Achtanna na nInstitiúidí Teicneolaíochta 1992-2006 atá le comhlíonadh ag Institiúidí Teicneolaíochta nuair a bhíonn formheas á lorg do chúrsaí nua beartaithe. De réir na nósanna imeachta reachtúla, breithnítear cúrsaí nua i gcomhthéacs an Chláir Oibriúcháin Bhliantúil agus an aighneacht Bhuiséid don bhliain ina bhfuil sé beartaithe tús a chur leis an gcúrsa.

Ní raibh cúrsa céime sa Ghaeilge san áireamh ag Institiúid Teicneolaíochta Thamhlachta sa Chlár Oibriúcháin ná san aighneacht Bhuiséid a cuireadh faoi bhráid mo Roinne-se don bhliain acadúil 2006/2007.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.