Written answers
Thursday, 5 October 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foclóir Béarla-Gaeilge
4:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 60: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a thosóidh Céim a Dó de thionscadal an fhoclóra Béarla-Gaeilge. [31299/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá tugtha le fios dom ag Foras na Gaeilge go bhfuil post mar Bhainisteoir Tionscadail don togra foclóra fógartha acu le seachtain anuas agus go mbeidh na hagallaimh ann roimh Nollaig. Táthar ag súil go mbeidh an post líonta go gairid ina dhiaidh sin. Beidh sé mar phríomh-chúram tosaigh ar an té a cheapfar sa phost seo an comórtas tairisceana le haghaidh Céim a Dó den togra foclóra a reachtáil agus a thabhairt chun críche. Ag brath ar chúinsí, meastar go bhféadfadh conraitheoir(í) do Chéim a Dó a bheith roghnaithe faoi lár na bliana seo chugainn agus an obair tosaithe go gairid ina dhiaidh sin. Tuigtear gur obair 3-4 bliana a bheidh i gceist le Céim a Dó a chur i gcrích. Ina dhiaidh sin, beidh an dá leagan (leictreonach agus clóite) den Fhoclóir críochnaithe le táirgeadh. Próiseas idir 6 mhí agus bliain a mheastar a bheidh ansin.
No comments