Written answers

Thursday, 5 October 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

An Ghaeilge sna Gaeltachtaí

4:00 pm

Photo of Joe CostelloJoe Costello (Dublin Central, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 27: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na tacaíochtaí nua atá ar intinn aige a bhunú chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt sa Ghaeltacht. [31304/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sí mar aidhm lárnach ag mo Roinnse raon de bheartais agus scéimeanna a chur chun fónaimh d'fhonn an Ghaeilge a thacú agus a láidriú mar phríomhtheanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht. Tá na straitéisí faoi leith atá agus a bheidh in úsáid ag mo Roinn chun na críche sin rianaithe go beacht i Ráiteas Straitéise mo Roinne 2005-07.

I measc na mbeartas atá á gcur i bhfeidhm, nó atá beartaithe sa ghearr-thréimhse, áirím:

infheistíocht shuntasach (gur fiú breis agus €15m i mbliana) chun muiroibreacha, bóithre agus áiseanna pobail a fhorbairt agus a fheabhsú sa Ghaeltacht;

cúnamh méadaithe chun cuidiú le heagraíochtaí éagsúla Gaeltachta a bhfuil mar aidhm acu an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt;

maoiniú gur fiú breis agus €9m in iomlán i mbliana é idir deontais tithíochta, Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus Scéim Labhairt na Gaeilge;

an ciste €1.5m a d'fhógair mé i 2004 chun cuidiú le heagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta plean teanga cuimsitheach agus infheidhmithe a réiteach agus a chur i bhfeidhm ar bhonn logánta sa Ghaeltacht;

an tacaíocht bhreise atá curtha ar fáil chun oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt tuilleadh sa Ghaeltacht;

an feachtas feasachta teanga a sheol mé i mí na Nollag 2005 faoin teideal "An ghlúin dheireanach?" agus atá á athchraoladh faoi láthair d'fhonn na buntáistí a bhaineann le bheith inniúil sa Ghaeilge a chur ina luí ar aos óg na Gaeltachta;

na hathruithe éagsúla atá curtha i bhfeidhm nó á mbeartú ag eascairt as athbhreithniú atá déanta ar Scéim na gCúntóirí Teanga, Scéim Labhairt na Gaeilge agus Scéim na gCampaí Samhraidh ar mhaithe le cur lena n-éifeacht; agus

an cúnamh a ceadaíodh d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun scéim Chuairteoirí Baile a thionscnamh ar bhonn trialach.

Ní miste, ar ndóigh, tagairt a dhéanamh freisin don obair thábhachtach atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta agus áirím go sonrach:

an bhéim bhreise atá á cur ag an Údarás, ar threoir shonrach uaim, ar naíscolaíocht, ar sheirbhísí don óige, ar gníomhaíochtaí na gcomharchumann agus ar sheirbhísí tacaíochta eile don Ghaeilge sa Ghaeltacht; agus

an t-athstruchtúrú atá curtha i bhfeidhm ag an Údarás ar an earnáil réamhscolaíochta sa Ghaeltacht, chomh maith le struchtúr nua chun freastal níos fearr a dhéanamh ar an óige sa Ghaeltacht.

Leanfaidh mo Roinnse ag cuidiú agus ag comhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta chun an cúram atá ag an dá eagraíocht araon i leith na Gaeltachta a chomhlíonadh agus a fhorbairt de réir mar is féidir.

Mar is eol don Teachta, tá staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht le bheith críochnaithe go luath. Táthar ag súil leis go gcuideoidh tátal agus moltaí an staidéir seo chun an bealach ar aghaidh a rianú sa chaoi is go leanfar ag tacú leis an nGaeilge mar phríomhtheanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.