Written answers

Tuesday, 3 October 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Calafoirt agus Céanna

9:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 438: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le hobair fheabhsúcháin ar Ché an Rannaigh, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall agus fad a chur leis. [30990/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I 2001, ar iarratas ó mo Roinnse, chuir Comhairle Chontae Dhún na nGall réamh-thuarascáil ar fáil maidir le forbairt na saoráidí calaíochta ag Rannach, Oileán Árainn Mhór. Moladh dhá rogha sa tuarascáil sin, i.e., síneadh 30m a chur leis an gcé atá ann faoi láthair ar chostas €1.5m, nó síneadh 65m a chur léi ar chostas €3m. Dheimhnigh an tuarascáil chomh maith gur chun sochair thionscal na hiascaireachta áitiúla a rachadh aon fhorbairt nua ag an láthair seo.

Tá iarratas faighte ag mo Roinn ón gComhairle Chontae maidir le costais deartha agus ullmhú doiciméad conartha don togra seo agus tá an t-iarratas sin á mheas faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair atá ar fáil dom le caitheamh ar fhorbairt céanna ar na hoileáin sna blianta amach romhainn agus na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.