Written answers
Tuesday, 3 October 2006
Department of Justice, Equality and Law Reform
Riachtanas Gaeilge
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 186: To ask the Tánaiste agus Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an bhfuil cinneadh déanta ag an ngrúpa oibre idir-rannach a bunaíodh chun féachaint le cur chuige oiriúnach a mholadh ó thaobh riachtanas Gaeilge i gcóras oiliúna an Gharda Síochána de; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22763/06]
Michael McDowell (Dublin South East, Progressive Democrats)
Link to this: Individually | In context
Níl cinneadh déanta fós ag an ngrúpa oibre idir-rannach a bunaíodh chun féachaint le cur chuige oiriúnach a mholadh ó thaobh riachtanas Gaeilge i gcóras oiliúna an Gharda Síochána de.
Chuir údaráis na nGardaí in iúl dom, áfach, go bhfuil an grúpa oibre a bunaíodh i gColáiste na nGardaí chun an cúrsa Gaeilge a fhorbairt le haghaidh Gardaí faoi Oiliúint tar éis a chuid oibre a chur i gcrích. Cuireadh an cúrsa nua Gaeilge atá molta ar aghaidh chuig Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna le go ndéanfaí é a fhormheas. Tá an cúrsa creidiúnaithe ag an gComhairle ó shin. Tá tuarascáil ina dtugtar léargas ar an gcúrsa nua dréachtaithe agus tuigim go gcuirfear ar aghaidh go mo Roinnse go luath í.
Tá súil agam go mbeidh an grúpa oibre idir-rannach in ann a thuarascáil a chur i gcrích i rith na seachtaine seo chugainn.
No comments