Written answers

Thursday, 28 September 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Teanga Ghaeilge

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 266: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain atá sé i gceist aige rialacháin a dhéanamh faoi alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, lena chinntiú go mbeidh foirmeacha dátheangacha ar fáil don phobal ó chomhlachtaí poiblí mar ghnáthnós agus go mbeidh comharthaí a gcaitear airgead poiblí orthu dátheangach mar ghnáthnós faoi mar a tharlaíonn i dtíortha dátheangacha eile. [30273/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé i gceist agam dréacht de na Rialacháin seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas go han-luath chun deis a thabhairt do Theachtaí agus Seanadóirí iad a phlé agus leasuithe a mholadh, más mian leo, sula ndéanfaidh mé iad a shiniú.

Ní miste dom a chur in iúl don Teachta, áfach, nach dtagann foirmeacha faoi scáth alt 9(1) den Acht. Is amhlaidh go bhfuil soláthar foirmeacha ar cheann de na hábhair a clúdaítear faoi na scéimeanna teanga a bhíonn le haontú idir mise, mar Aire, agus comhlachtaí poiblí de réir fhorálacha alt 11 den Acht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.